D’imigh sí go hAlbain ag obair nuair a bhí sí ocht mbliana déag d’aois. Ba obair tí is mó a rinne sí i dtithe na mbodach agus fuair sí ar aghaidh go maith. Casadh a fear céile uirthi agus cheannaigh siad teach mór ann agus thosaigh sí ag déanamh bia agus leaba. Rinne sí go maith as.
00:08:30
Nuair a théití anonn go hAlbain san am sin, chaithfeá post a bheith agat. Bhí post ag Nellie nuair a chuaigh sí anonn, in áit bean eile a chuaigh sí. Ní raibh dúil ar bith aici sa phost sin, bhí dhá pháiste ann agus bhí siad iontach crosta. Ní raibh mórán béarla aici, d’fhoghlaim sí í féin tríd léamh.